Foilsithe ar 

Deich mBliana na gCuimhneachán – Líon na  nDámhachtainí Markievicz méadaithe faoi dhó ag an Aire Martin don bhliain 2021

Deich mBliana na gCuimhneachán – Líon na  nDámhachtainí Markievicz méadaithe faoi dhó ag an Aire Martin don bhliain 2021

 

Osclófar Dámhachtain Markievicz bhreisithe d’iarratais ar líne an 5 Eanáir 2021

 

Tá sé fógartha inniu ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Catherine Martin TD, go gcuirfear breisiú suntasach leis an scéim sparánachta Dámhachtain Markievicz d’ealaíontóirí don tréimhse 2021-2023 faoi Dheich mBliana na gCuimhneachán na Roinne. Osclófar í ar líne d’iarratais 2021 ar líne trí láithreán gréasáin na Comhairle Ealaíon Dé Máirt an 5 Eanáir 2021 agus tabharfar chun deiridh í ag 17:30 Déardaoin an 4 Feabhra 2021.

 

Bronnfar dámhachtainí faoin scéim gach bliain ar suas le deichniúir ealaíontóirí don tréimhse 2021-2023 (ealaíontóirí aonair a oibríonn astu féin nó a oibríonn i gcomhar le daoine eile) – méadú faoi dhó ar an líon ealaíontóirí le hais blianta roimhe seo agus a bhfuil luach €25k ag baint leis in aghaidh an duine nó grúpa, ar méadú é sin ar an suim €20k a bhí i gceist i mblianta roimhe seo freisin. Beidh Roinn an Aire ag obair i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon chun an scéim a riar agus tá an tAire ag súil le faighteoirí dhámhachtainí 2021 a fhógairt i dtús mhí na Bealtaine an bhliain seo chugainn. Chomh maith leis sin, foilsíodh Treoir d’Iarratasóirí maidir leis an scéim sparánachta ar an láithreán gréasáin inniu.

 

Tá sé i gceist le Dámhachtain Markievicz tacaíocht a thabhairt d’ealaíontóirí lena gceird a fhorbairt agus ealaín den scoth a chur ar fáil ar deireadh thiar ina n-aithnítear agus ina ndéantar comóradh ar an ról a bhí ag mná le linn na tréimhse stairiúla a chlúdaítear faoi Dheich mBliana na gCuimhneachán agus ina dhiaidh sin.

 

Dúirt an tAire Martin: “Táim sásta an scéim seo atá breisithe go mór a fhógairt do Dhámhachtain Markievicz don tréimhse 2021-2023. Tríd an Dámhachtain, leantar d’urraim a thabhairt do Constance de Markievicz – arbh ealaíontóir í féin – agus tacaíocht a chur ar fáil d’ealaíontóirí ó gach cúlra agus seánra d’fhonn saothair nua a chruthú ina léirítear ról na mban le linn na tréimhse a chlúdaítear faoi na cuimhneacháin céad bliain agus ina dhiaidh sin. Is í 2021 an tríú bliain den scéim rathúil seo agus táim an-dúthrachtach tacú le healaíontóirí agus iad a choinneáil ag gabháil ar an mbealach fiúntach seo, lena a gceird a fhorbairt le linn na héigeandála sláinte poiblí atá ann faoi láthair mar gheall ar phaindéim Covid-19.”

 

Osclófar an scéim an 5 Eanáir trí ghlao poiblí d’ealaíontóirí atá ag obair i ngach seánra ealaíon a dtacaíonn an Chomhairle Ealaíon leis. Mar gheall ar an tábhacht a bhain leis an ngluaiseacht athbheochana Gaeilge le linn na tréimhse réabhlóidí, agus mar gheall ar fhreagrachtaí leanúnacha agus áirithe na Roinne tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, déanfar dámhachtain amháin a shannadh gach bliain d’ealaíontóir atá ag obair sa Ghaeltacht agus trí mheán na Gaeilge, faoi réir caighdeán a bhaint amach ar féidir dámhachtain a bhronnadh ina leith. Chomh maith leis sin, spreagtar daoine aonair nó grúpaí ó phobail de chultúir éagsúla agus daoine atá faoi mhíchumas iarratas a dhéanamh ar an scéim. 

 

Tríd an méadú suntasach seo ar luach agus ar líon na ndámhachtainí a bhronnfar gach bliain, tacófar le hiarrachtaí leanúnacha an Aire, faoi Dheich mBliana na gCuimhneachán 2021-2023, aird a dhíriú agus feasacht a ardú ar ról na mban le linn na tréimhse réabhlóidí.

 

Dúirt an tAire Martin:“Tá sé tábhachtach leanúint d’aird a dhíriú ar ról na mban don chuid eile de Dheich mBliana na gCuimhneachán agus i láthair na huaire, tá mo Roinnse i mbun tionscadal nua ban ar líne a fhorbairt a sheolfaidh mé an bhliain seo chugainn. Tríd an tionscadal, cuirfear spéis i bhfaighteoirí na nDámhachtainí agus ina gcuid saothar mar chuid de thuras taiscéalaíoch a dhéanamh ar an ról ilghnéitheach agus ríthábhachtach a bhí ag mná in Éirinn 100 bliain ó shin agus i gcaitheamh na haoise a tháinig ar an bhfód ina dhiaidh sin.”